[aioseo_breadcrumbs]

Carntogher’s Aoife Ní Chasaide proving the Irish language can be revived in a place it had died out

Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann.

Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna.

Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge.

Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d’aitheantas.

Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas.

Credit to : Irish Independent

Please support our Sponsors here --